Áit: RuaRed, South Dublin Art Centre, BÁC 24

Am: 11:00 – 15:00 

Dáta: 13ú Márta 2024

Cur síos ar an Imeacht

Bígí linn le haghaidh seisiún faisnéise tarraingteach ar Vicipéid!

Is cuma an bhfuil fonn teanga ort, nó má tá an stair ag baint leat, nó go bhfuil tú fiosrach faoi chur le heolas ar líne, is duitse an imeacht seo. 

Cad ba cheart a bheith ag súil leis:

Réamhrá don Vicipéid: Foghlaim faoi mhisean, scóip, agus tábhacht phobal na Vicipéid Gaeilge.

Tús a chur leis: Faigh amach cé chomh héasca is atá sé a bheith i do ranníocóir. Déanfaimid tú a threorú trí na bunghnéithe eagarthóireachta, cruthú ailt, agus nascleanúint a dhéanamh ar an ardán.

Tionscadail Reatha: Féach go heisiach ar na tionscadail spreagúla a bhfuil ár bpobal ag obair orthu faoi láthair. Idir iontrálacha stairiúla a leathnú go dtí oidhreacht shaibhir chultúrtha na hÉireann a thaispeáint, tá tionscadal ann do chách.

Seisiún Ceisteanna agus Freagraí: An bhfuil ceisteanna agat faoi eagarthóireacht, foinsiú nó ábhair faoi leith? Beidh ár rannpháirtithe le taithí ar fáil chun do cheisteanna a fhreagairt.

Nóta: 

Amy – Oifigeach Gaeilge le Phobal Wikimedia na hÉireann

oifigeach.gaeilge@wikimedia.ie

Faoi Phobal Wikimedia na hÉireann

Is eagraíocht neamhbhrabúsach muid atá ag tacú leis an bpobal Wiki in Éireann. Cuireann muid spreagadh ar dhaoine chun scríobhnóireacht agus eagarthóireacht a dhéanamh ar Wikipedia agus ar Vicipéid freisin, maidir le cursaí Éireannach agus ár dteanga féin. Déanaimid for-rochtain agus múinimid conas is féidir Wiki/Vici a úsáid.

Táimid ag obair ar an dtogra Erasmus+ Wiki na mBan freisin lenár gcomhpháirtithe san Fhreaslainn agus i dTír na mBascach. Cuirfidh an tionscnamh seo tuilleadh ailt ar Vicipéid agus laghdú a dhéanamh ar an dealú inscne.