Fáilte mhór roimh chách chuig an gcéad cheardlann oifigiúil de MeithealWiki, a bheidh ar siúl ar an 13ú Márta ar líne. Is deis iontach í seo do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge, Vicipéid, agus an coincheap ‘meitheal’ — obair as lámha a chéile chun sprioc a bhaint amach. 

Cad is MeithealWiki ann?

Is traidisiún Éireannach í an mheitheal a d’fhás ón gcleachtas go dtiocfadh muintir an phobail le chéile chun obair thábhachtach a dhéanamh, mar shampla, an fómhar a bhailiú. Cuireann an focal seo comhoibriú, tacaíocht agus cairdeas in iúl. Cuireann Wikimedia na bunphrionsabail seo i bhfeidm tríd an chuid oibre déanta gach aon lá le hoibrithe deonacha. I gcomhthéacs MeithealWiki, ciallaíonn sé obair le chéile chun eolas i nGaeilge a chruthú agus a fheabhsú ar an Vicipéid agus ar ardáin Wikimedia eile (m/sh. Cómhaoin, Vicífhoclóir.).

Tá Amy Uí Ríordáin, an tOifigeach Gaeilge ag Pobal Éireann, Wikimedia ina spreagthóir don tionscadal seo. 

“Tá gach duine ina saineolaí in ábhar éigin — tíreolaíocht, stair, spórt, litríocht, eolaíocht nó rud ar bith eile! Tá daoine ó Vicipéid le heolas agus le paisean don fhoghlaim, don chomhoibriú chun páirt a ghlacadh i Meitheal agus chun  an t-eolas a chur ar fáil ar líne d’ardchaighdeán. Fiú, mura bhfuil do Ghaeilge foirfe, is féidir le gach duine tosú ó áit éigin – is é an pointe a bhaineann le MeithealWiki rialta a eagrú ná deis a thabhairt do dhaoine a gcuid scileanna a fhoghlaim agus a fheabhsú trína gcuid oibre. Tá sé chomh éasca le tagairt a chur le alt, cabhrú le fíordheimhniú eolais, clibeáil a dhéanamh ar altanna le catagóirí agus leathanaigh eile oiriúnacha, nó grianghraif a chur le halt reatha… tá mórán le déanamh agus táimid ag lorg daoine chun cuidiú linn!”

Le paisean mhór, cuireann sí fáilte roimh éinne agus suim acu an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun faisnéis ardchaighdeáin a chur ar fáil ar Vicipéid do phobal na nGaeilge, in Éirinn agus ar fud an domhain. Creideann sí go bhfuil comhoibriú — chomh maith le nasc idir Gaeil ar líne agus i bpearsanta — ríthábhachtach chun ár dteanga agus ár gcultúr a neartú. Mar sin, spreagann sí ar dhaoine chun páirt a ghlacadh, chun tacú lena chéile agus chun an t-eolas atá againn a fheabhsú go leanúnach. 

Ceardlann 13ú Márta

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an chéad cheardlann oifigiúil do MeithealWiki – tionscadal nua ag Pobal Éireann Wikimedia – ar siúl ar an 13ú Márta. Bígí linn chun níos mó a fhoghlaim faoi Vicipéid, scileanna eagarthóireachta, agus an áis seo a neartú trí Ghaeilge.

  • Cathain? Déardaoin, 13ú Márta @ 17:00
  • Cá bhfuil sé? Ar líne (clárú anseo)
  • Cé atá fáilte? Duine ar bith a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus an domahan Wikimedia, is cuma do leibhéal taithí – ach beidh an ceardlann trí Ghaeilge amháin!

https://peig.ie/imeachtai/seoladh-ceardlann-meithealwiki/

Déanfaidh muid plé ar cad is Vicipéid ann, conas alt nua a thosú, tagairtí a chur leis, agus bealaí nuálacha le bearnaí eolais a líonadh. Tá sé seo oiriúnach do thosaitheoirí agus do dhaoine a bhfuil taithí eagarthóireachta acu cheana féin.

Más mian leat páirt a ghlacadh, cláraigh linn inniu tríd an nasc seo! Ag tnúth go mór le bualadh libh go léir.