Bronnadh Miondeontas Cholmcille ar Thionscadal WikiMuir!

Tá lúcháir ar Phobal Éireann Wikimedia a fhógairt go bhfuil Miondeontas Cholmcille bronnta ar ár dtionscadal nua, WikiMuir. Tá an tionscadal seo dírithe ar an oidhreacht mhuirí a roinnt agus a chaomhnú trí Ghaeilge agus Gàidhlig, ag nascadh pobail in Éirinn agus in Albain.

Le tacaíocht ón maoiniú seo, cuirfimid tús le comhpháirtíocht láidir le Taigh Ceilidh in Albain agus Wikimedia sna RA. Le chéile, oibreoimid ar mhórthéamaí an tionscadail, lena n-áirítear béaloideas farraige, caomhnú muirí, agus foclóir mara coiteann idir an dá theanga.

Cad atá romhainn?
Mar chuid den chéad chéim den tionscadal, eagrófar turais mhalartaithe cultúrtha idir Éire agus Albain, chomh maith le Wikithon speisialta chun tús a chur leis an bhfeachtas WikiMuir. Beidh an tionscadal mar chuid de #WikiLovesFolklore agus #WikiLovesEarth, ag cur le hábhar digiteach ar Wikimedia Commons agus Vicipéid i nGaeilge agus i nGàidhlig.

Táimid ar bís le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe agus ag cur leis an oidhreacht mhuirí a roinnt i spásanna digiteacha. Coinnigh súil ar an tionscadal de réir mar a fhorbraíonn sé!

📌 Le tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar ár leathanach Meta Wiki

WikiMuir Project Awarded Colmcille Small Grant!

Wikimedia Community Ireland is delighted to announce that we have been awarded the Colmcille Small Grant for our new project, WikiMuir. This initiative will focus on celebrating and preserving maritime heritage through Irish and Scottish Gaelic, strengthening connections between communities in Ireland and Scotland.

With this funding, we are excited to establish a strong collaboration with Taigh Ceilidh in Scotland and Wikimedia UK. Together, we will explore key themes such as sea folklore, marine conservation, and shared maritime vocabulary between our languages.

What’s next?
As part of the first phase of the project, we will organise cultural exchange trips between Ireland and Scotland, as well as a dedicated Wikithon to officially launch the WikiMuir campaign. The project will contribute to #WikiLovesFolklore and #WikiLovesEarth, enriching Wikimedia Commons and Vicipéid with bilingual content.

We are excited to begin this journey with our partners and to bring maritime heritage into digital spaces. Keep an eye on our project as it develops!

📌 For more information, visit our Meta Wiki page

Categories: Programmes