Ceardlann mar chuid de Rising Voices | A Workshop as part of Rising Voices

Maidir leis an Tionscadal | About the Project

Glóir Aníos mar chuid de thionscadal domhanda ó Global Voices, darb ainm Rising Voices, a thugann tacaíocht do phobail theangacha dúchasacha, mionteangacha agus teangacha i mbaol chun a mbealaí féin a shainiú i leith gníomhaíocht dhigiteach.

Táimid ag stiúradh rannpháirtíocht na Gaeilge tríd an tionscadal seo a chur in oiriúint don chomhthéacs Éireannach. Tá sé mar aidhm againn spás comhoibríoch a chruthú do chainteoirí Gaeilge, oideachasóirí, cruthaitheoirí digiteacha, iriseoirí, ealaíontóirí agus gníomhaithe pobail chun smaointe, eispéiris agus scileanna a roinnt agus plean comhchoiteann a fhorbairt do thodhchaí dhigiteach na teanga.

Glóir Aníos is part of Rising Voices, a global initiative of Global Voices that supports Indigenous, minoritised, and endangered language communities in shaping their own approaches to digital activism.

We are leading the Irish-language contribution, adapting the project to the Irish context by creating a collaborative space for Irish speakers, educators, digital creators, journalists, artists, and community advocates to share ideas, experiences, and skills, and co-develop a collective roadmap for the language’s digital future.

 

Eolas faoin gCeardlann | Workshop Info

  • Dáta: Dé Máirt, 15 Iúil 2025
  • Am: 10:00 – 16:00
  • Ionad: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath
  • Seisiún Leantach: Ar líne níos déanaí sa tseachtain le hobair a dhéanamh ar Threochlár do Ghníomhaíocht Dhigiteach na Gaeilge

Táimid ag tabhairt cuireadh do ghrúpa beag díograiseoirí Gaeilge i réimsí éagsúla le bheith linn, chun a dtaithí a roinnt agus plean gníomhaíochta a fhorbairt i dteannta a chéile. 

Níl aon chostas i gceist le freastal. Cuirfear lón ar fáil saor in aisce ar an lá. Is féidir costais iompair a thacú (más gá).

  • Date: Tuesday, 15 July 2025
  • Time: 10:00 – 16:00
  • Location: National Library of Ireland, Dublin
  • Follow-Up: Online session later that week to develop a Roadmap for Irish Language Digital Activism

We are inviting a small group of Irish language professionals to attend, share their experiences, and work together to co-develop a meaningful action plan.

There is no cost to attend. Lunch will be provided free on the day. Transport costs can be supported (if needed).

Cláraigh Anseo | Register Here

Cuspóirí an Tionscadail | Project Aims

  • Tacaíocht a thabhairt do chainteoirí Gaeilge chun gníomhú go digiteach ar son na teanga.
  • Spás a chruthú le haghaidh comhpháirtíochta, malartaithe agus cumarsáide dearfa.
  • Cur le tionscnamh domhanda Rising Voices trí Threochlár do Ghníomhaíocht Dhigiteach na Gaeilge a chruthú mar comhaschur.
  • Cur chuige atá oiriúnach do chultúr, pobal agus féiniúlacht na Gaeilge a fhorbairt.
  • Support Irish speakers to take action for the language in the digital space.
  • Create a space for collaboration, exchange, and positive engagement.
  • Contribute to the Rising Voices global initiative by developing a Roadmap for Irish Language Digital Activism as a collaborative output.
  • Develop an approach tailored to the culture, identity, and needs of the Irish-speaking community.

I mí na Bealtaine, d’fhoilsíomar glao oscailte chun cabhrú linn an cheardlann seo a dhearadh agus a mhúnlú, agus chun tuairimí a bhailiú faoi na hábhair, scileanna agus cineálacha tacaíochta a mbeadh suim ag daoine iontu. Fuarthas freagraí ó rannpháirtithe le taithí i réimsí éagsúla; ó chruthú ábhair go hoideachas, ó iriseoireacht go healaín, agus tá na torthaí sin anois mar bhunús leis an gclár don cheardlann.

In May, we launched an open call to help shape this workshop and gather input on what topics, skills, and support people wanted to see. We received responses from individuals working across different areas, from content creation to education, journalism to the arts, and those insights have directly informed the programme we’re now developing.

 

Torthaí an tSuirbhé | Survey Results

Bunaithe ar fhreagraí ó rannpháirtithe i bpobail na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear:

  • 60% díobh ag obair i gcruthú ábhair nó eagrúchán pobail.
  • 70% ag iarraidh cur lena gcuid scileanna Gaeilge i spásanna digiteacha.
  • Spéis láidir sa fhoghlaim i réimsí mar:
    • Litreachas meán digiteach
    • Dearadh grafach
    • Straitéis meán sóisialta
    • Scileanna eagrúcháin pobail

Tá cúlraí éagsúla gairmiúla ag na freagróirí, rud a léiríonn suim shuntasach i gcomhoibriú praiticiúil agus tacaíocht fhrithpháirteach.

Based on responses from Irish-speaking participants across Ireland and abroad:

  • 60% are active in content creation or community organising.
  • 70% want to improve their Irish-language skills in digital spaces.
  • High demand for training in:
    • Digital media literacy
    • Graphic design
    • Social media strategy
    • Community organising skills

Respondents come from diverse professional backgrounds, showing a strong interest in practical collaboration and mutual support.

Tá Tábhacht le Glór Gach Duine | Everyone’s Voice Matters

Fiú mura gceapann tú thú féin mar “ghníomhaí”, má tá tú ag obair leis an Ghaeilge ar líne nó sa saol laethúil, is cuid den ghluaiseacht seo thú. Tá do léargas, do scileanna agus do thaithí luachmhar.

Even if you don’t consider yourself an “activist”, if you are working with the Irish language online or in everyday life, you are part of this movement. Your insights, skills and experience are valuable.