Táimid an-sásta a fhógairt go mbeidh Amy (ár nOifigeach Gaeilge) agus Éamonn (Vicipéideoir ón bpobal) i láthair ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste ag deireadh na míosa seo! Is féile chultúrtha é an tOireachtas a chuireadh tús leis i 1897.
Léigh tuilleadh faoi Oireachtas na Gaeilge anseo ar Vicipéid.
Cá háit a mbeidh muid?
Gheobhaidh tú muid ag ár seastán in Aonach an Oireachtais (Halla 1, Leibhéal 1, ICC) ón Déardaoin go Satharn.
Tar agus abair ‘haigh’ linn!
- Féach ar thaispeántas beo ar conas Vicipéid a chur in eagar
- Foghlaim faoinár dtionscadail agus conas is féidir leat páirt a ghlacadh
- Faigh amach conas is féidir leat bheith páirteach agus cuidiú linn
Cad atá ar siúl againn faoi láthair?
Beidh ár gComórtas Grianghrafadóireachta Eolaíochta Vicí 2025 ar ais i mbliana agus beidh iontrálacha ar oscailt ar an 1ú Mí na Samhna. Foghlaim faoi cén saghas íomhá atá á lorg agus conas is féidir leat do chuid grianghraf eolaíochta a chur isteach.
Beidh fáilte mhór romhat! Cibé an bhfuil taithí agat ar Vicipéid cheana nó má tá suim agat tosú amach ar do bhealach Vicipéide. Táimid ag tnúth le bualadh leat agus le labhairt faoi conas is féidir linn oibriú le chéile chun an Ghaeilge a neartú ar líne.
Slán go fóill agus feicfidh muid ansin thú!

Dowlinme, CC BY-SA 4.0, via Wikimedia Commons