To see the English-language version of this post click here. | Chun an leagan Béarla den phostáil seo a fháil, cliceáil anseo.

Beidh an chéad chruinniú míosúil ar líne eile de chuid Wikimedia Community Ireland ar siúl an 27 Eanáir ag 6pm.

Tá áthas orainn cuireadh a thabhairt do bhaill nua agus reatha an phobail, nó d’aon duine a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh inár gcuid oibre, teacht chuig ár gcruinniú pobail ar líne Dé Máirt, 27 Eanáir ag 6pm.

An bhfuil suim agat páirt a ghlacadh in eagarthóireacht Vicipéid nó i ngníomhaíochas digiteach, ach gan a bheith cinnte cá háit le tosú? Seol ríomhphost chugainn má tá suim agat páirt a ghlacadh!

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar Google Meet (sonraí thíos).

Sonraí an Chruinnithe:

Dé Máirt, 27 Eanáir, 6:00 – 7:00in

Crios ama: Baile Átha Cliath

Is féidir miontuairiscí na míosa seo caite a fháil anseo.

Sonraí Google Meet:

Nasc físghlaoch: https://meet.google.com/mnw-pubq-xyc

Nó glaoigh ar: ‪‪(IE) +353 1 571 2001‬ PIN: ‪202 328 238‬#

Tá fáilte roimh aon duine a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa phobal!

Seol ríomhphost chuig info@wikimedia.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Bíonn cruinniú míosúil Wikimedia Community Ireland ar siúl ar an Máirt dheireanach den mhí. Tagann oibrithe deonacha agus baill foirne le chéile chun an scéal is déanaí a phlé agus pleananna don todhchaí a dhéanamh.

blue, green and white dominant graphic header communicating the text below, with cartoon puffin mascot Éinín and a cartoon megaphone. text below is bilingual Irish and English Cruinniú Pobail Community Meeting Dé Máirt, 27 Eanáir 2025 Tuesday, 27 January 2025 18:00 UTC Ar líne (online) Bigí linn! Come along!

Categories: Events