To see the English-language version of this post click here. | Chun an leagan Béarla den phostáil seo a fháil, cliceáil anseo.

A chairde,

Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir! Tá 2026 tosaithe go hiontach agus táimid tar éis tosú ar nós na beacha – ag ullmhú pleananna, ag fáiltiú roimh bhaill fhoirne nua, agus ag cur tús le feachtais spreagúla. Seo blaiseadh de na rudaí atá ar siúl againn.

Fáilte roimh Laura!

Tá áthas orainn fáilte a chur roimh Laura, ár nOifigeach Gaeilge nua, a thosaigh linn ag tús na míosa. Tá sceitimíní orainn í a bheith mar chuid den fhoireann agus táimid ag súil go mór leis an obair a dhéanfaimid le chéile chun an Ghaeilge a neartú ar Vicipéid agus ar fud thionscadail Wikimedia.

Podchraoladh Nua: Wikipedia @ 25

Tá eipeasóid nua dár bpodchraoladh ag teacht amach níos déanaí an tseachtain seo! Suímid síos le Shannon agus Eugene chun Wikipedia @ 25; a cheiliúradh, ag breathnú siar ar fhás na cicipleide, stair WCI, agus ag caint faoin todhchaí.

[Faigh an podchraoladh anseo]

Maoiniú do Sheachtain na Gaeilge

Tá scéala iontach againn! Fuaireamar €800 ón gCiste Spreagtha (Conradh na Gaeilge/Energia) chun tacú lenár n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta. Táimid freisin ag fanacht le nuacht faoi mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Beidh sonraí iomlána faoinár n-imeachtaí ag teacht go luath!

Is Breá le Vicí Béaloideas: Ag Tosú Dé Sathairn!

Tosóidh an comórtas idirnáisiúnta grianghrafadóireachta Is Breá le Vicí Béaloideas (Wiki Loves Folklore) ar an 1ú Feabhra agus leanfaidh sé go dtí an 31ú Márta. Ceiliúrann an comórtas seo béaloideas agus oidhreacht chultúrtha, ó nósanna traidisiúnta go ceardaíocht, ó fhéilte go scéalta áitiúla. Bí réidh le do chuid grianghraif a uaslódáil ar Cómhaoin Wikimedia!

Art+Feminism: Comhoibriú ag teacht

Tá Art+Feminism ina ghluaiseacht dhomhanda a dhíríonn ar ionadaíocht na mban agus grúpaí neamh-dhénártha a mhéadú ar Vicipéid. Gach bliain, eagraíonn daoine ar fud an domhain imeachtaí eagarthóireachta chun ailt nua a chruthú agus ailt atá ann cheana a fheabhsú.

Táimid ag obair le Scoil Mhuire Luimnigh agus Músaem Hunt chun ceardlann scileanna Vicí a reáchtáil i lár mhí Feabhra. Beidh tionscadail na scoláirí ar taispeáint ar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2026. Leigh tuilleadh faoin gcomhoibriú seo, anseo. 

Cruinniú Pobail: Amárach!

Beidh ár gcéad chruinniú pobail de 2026 ar siúl Dé Máirt 27ú hEanáir ag 6i.n. ar líne. Tá an oiread sin le roinnt libh, pleananna don bhliain, tionscadail nua, agus deiseanna chun a bheith páirteach.

Seo do sheans cloisteáil faoi gach rud atá ag tarlú agus bualadh le baill eile an phobail. Fáilte roimh chách!

Imeachtaí atá ag Teacht

Beidh imeachtaí eagarthóireachta agus cruinnithe ar siúl againn sna seachtainí atá romhainn. Coinnigh súil ar ár gcainéil shóisialta agus ar an liosta ríomhphoist le haghaidh na sonraí is déanaí!

Táimid ag súil go mór le bliain iontach eile libh. Má tá smaointe agat, nó má tá suim agat a bheith páirteach inár gcuid oibre, bí i dteagmháil linn ag info@wikimedia.ie.

Athbhliain faoi mhaise! 🌟

Foireann WCI

Íomhá chumhdaigh: Barnes Road in The Sperrins by Rossographer, CC BY-SA 2.0, via Wikimedia Commons

Categories: Newsletters