To see the English-language version of this post click here. | Chun an leagan Béarla den phostáil seo a fháil, cliceáil anseo.

Beidh an chéad chruinniú míosúil ar líne eile de chuid Wikimedia Community Ireland ar siúl an 24 Feabhra ag 6pm.

Tá áthas orainn cuireadh a thabhairt do bhaill nua agus reatha an phobail, nó d’aon duine a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh inár gcuid oibre, teacht chuig ár gcruinniú pobail ar líne Dé Máirt, 24 Feabhra ag 6pm.

An bhfuil suim agat páirt a ghlacadh in eagarthóireacht Vicipéid nó i ngníomhaíochas digiteach, ach gan a bheith cinnte cá háit le tosú? Seol ríomhphost chugainn má tá suim agat páirt a ghlacadh!

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar Google Meet (sonraí thíos).

Sonraí an Chruinnithe:

Dé Máirt, 24 Feabhra, 6:00 – 7:00in

Crios ama: Éire

Sonraí Google Meet:

Nasc físghlaoch: https://meet.google.com/mnw-pubq-xyc

Nó glaoigh ar: (IE) +353 1 571 2001 PIN: 202 328 238#

Tá fáilte roimh aon duine a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa phobal!

Seol ríomhphost chuig info@wikimedia.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Bíonn cruinniú míosúil Wikimedia Community Ireland ar siúl ar an Máirt dheireanach den mhí.

Faigh miontuairiscí an chruinnithe dheireanaigh anseo ar Meta.

Tagann oibrithe deonacha agus baill foirne le chéile chun an scéal is déanaí a phlé agus pleananna don todhchaí a dhéanamh.

Categories: Events