[Scroll down for English | Scrolláil síos chun Béarla a fháil]

Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht go luath! 🎉

Táimid an-sásta a fhógairt go mbeidh Wikimedia Community Ireland gnóthach i rith Sheachtain na Gaeilge 2026 (1–17 Márta). Beidh imeachtaí iontacha againn i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, agus ar líne – agus tá fáilte romhat a bheith linn!

Is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat – ón gcúpla focal go dtí cainteoirí líofa – tá áit anseo duit. Táimid ag súil le casadh libh!

📚 Bí an tEolas: Ceardlann Vicipéide | Corcaigh

Bearr an Bhearna Inscne: Scríobh í as an Scáth!

Le fada an lá, tá scéalta na mban ligthe i ndearmad nó curtha i leataobh. Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus Mí Staire na mBan, beidh muid ag scríobh mná isteach sa stair – i nGaeilge agus i mBéarla. Díreach roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan!

Tá fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge agus gach inscne. Beidh tae, caife agus lón éadrom ar fáil saor in aisce.

🗓️ Dáta: Dé Sathairn, 7ú Márta 2026
🕚 Am: 11:00 – 15:00
📍 Ionad: Civic Trust House, Cé an Phápa, Cathair Chorcaí
💶 Costas: Saor in aisce (spásanna teoranta)

🔗 Cláraigh anseo: eventbrite.ie/e/bi-an-t-eolas-ceardlann-vicipeide-wikipedia-workshop-tickets-1982968870271

FÍS2026 | Baile Átha Cliath

Beidh muid ag FÍS2026 ag an Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath ar an 12ú Márta!

Buail isteach chugainn chun níos mó a fhoghlaim faoi Vicipéid, faoin gcomórtas grianghrafadóireachta Is Breá le Vicí Béaloideas 2026 (agus an chatagóir speisialta: Gaeil), agus conas do chuid Gaeilge a úsáid ar an gciclipéid is mó ar domhan.

🗓️ Dáta: Déardaoin, 12ú Márta 2026

📍Ionad: Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath

🧠 Tráth na gCeist le Vicipéid | Baile Átha Cliath

Bígí linn do thráth na gceist dátheangach spraíúil mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2026!

Beidh gach ceist agus freagra i nGaeilge agus i mBéarla, le Cúán de Búrca mar Dhuine an Tí don oíche. Beidh plátaí bia ar fáil saor in aisce – ach tá spásanna teoranta, mar sin cláraigh go luath ar souíomh Nancy Hands. 

Fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge – ón gcúpla focal go cainteoirí líofa.

🗓️ Dáta: Déardaoin, 12ú Márta 2026
🕗 Am: 20:00
📍 Ionad: Nancy Hands, Baile Átha Cliath
💶 Costas: Saor in aisce (bia ar fáil)

🔗 Cláraigh anseo: https://www.nancyhands.ie/reservations/

📸 Is Breá le Vicí Béaloideas 2026

Ná déan dearmad! Tá an comórtas grianghrafadóireachta Is Breá le Vicí Béaloideas ar siúl go dtí 31ú Márta. Glac grianghraif de bhéaloideas, traidisiúin, agus oidhreacht bheo agus uaslódáil iad chuig Wikimedia Commons.

Tá catagóir speisialta ann i mbliana: Gaeil – do ghrianghraif a léiríonn Pobal na Gaeilge, cultúr Gaelach, agus an Ghaeilge beo!

🔗 Tuilleadh eolais: wikimedia.ie

Chomh maith leis sin, beimid ag seoladh Vicipod – ár sraith podchraolaidh nua faoi Vicipéid agus eagarthóireacht! 🎧

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Conradh na Gaeilge agus an Ciste Spreagtha as maoiniú a chur ar fáil dúinn chun na himeachtaí seo a eagrú.

Táimid ag súil le bualadh leat i rith Sheachtain na Gaeilge 2026!

[English-language text below]

Seachtain na Gaeilge is coming soon! 🎉

We’re delighted to announce that Wikimedia Community Ireland will be busy throughout Seachtain na Gaeilge 2026 (1–17 March). We have brilliant events planned in Cork, Dublin, and online – and you’re very welcome to join us!

No matter your level of Irish – from cúpla focal to fluent – there’s a place for you. We can’t wait to meet you!

📚 Bí an tEolas: Wikipedia Workshop | Cork

Close the Gender Gap: Write Her Out of the Shadows!

For too long, women’s stories have been forgotten or sidelined. As part of Seachtain na Gaeilge and Women’s History Month, we’ll be writing women into history – in Irish and English. Just before International Women’s Day!

All levels of Irish and all genders welcome. Free tea, coffee and light lunch provided.

🗓️ Date: Saturday, 7th March 2026
🕚 Time: 11:00 – 15:00
📍 Venue: Civic Trust House, Pope’s Quay, Cork City
💶 Cost: Free (limited spaces)

🔗 Register here: eventbrite.ie/e/bi-an-t-eolas-ceardlann-vicipeide-wikipedia-workshop-tickets-1982968870271

🎤 FÍS2026 | Dublin

We’ll be at FÍS2026 at the Convention Centre Dublin on 12th March!

Drop by to learn more about Vicipéid, our Wiki Loves Folklore 2026 photography competition (including the special category: Gaeil), and how to use your Irish on the world’s largest encyclopaedia.

🗓️ Date: Thursday, 12th March 2026
📍 Venue: Convention Centre Dublin

🧠 Bilingual Quiz Night with Vicipéid | Dublin

Join us for a fun bilingual quiz night as part of Seachtain na Gaeilge 2026!

All questions and answers will be in Irish and English, with Cúán de Búrca as our host for the evening. Free food platters for all attendees – but spaces are limited, so book early!

All levels of Irish welcome – from cúpla focal to fluent speakers.

🗓️ Date: Thursday, 12th March 2026 🕗 Time: 8:00pm 📍 Venue: Nancy Hands, Dublin 💶 Cost: Free (food provided)

🔗 Register here: [Link to be added]

📸 Wiki Loves Folklore 2026

Don’t forget! The Wiki Loves Folklore photography competition runs until 31st March. Capture photos of folklore, traditions, and living heritage and upload them to Wikimedia Commons.

There’s a special category this year: Gaeil – for photos showcasing the Irish-speaking community, Gaelic culture, and the living Irish language!

🔗 More info: wikimedia.ie

We’ll also be launching Vicipod – our new podcast series about Irish Wikipedia and editing! 🎧

We’d like to thank Conradh na Gaeilge and the Ciste Spreagtha for providing funding towards these events.

We look forward to meeting you during Seachtain na Gaeilge 2026!