[léigh an leagan Béarla anseo | read the English language version here]

A chairde,
Mí ghnóthach a bhí in Aibreán – scrúdaíomar torthaí Mhárta, lean obair phleanála don bhliain amach romhainn, agus ghlacamar páirt in imeachtaí sa bhaile agus thar lear.
Aonach na Gaeilge, UCD | 14 Aibreán
D’fhreastail Amy agus Lára ar Aonach na Gaeilge in UCD ar an 14 Aibreán. Bhí deis acu casadh le mic léinn ó Theach na Gaeilge agus UCD Gaeltacht atá páirteach in eagrú an aonaigh. Phléigh siad deiseanna do mhic léinn ag an dara agus ag an tríú leibhéal dul i mbun na Vicipéide agus an Ghaeilge a úsáid go laethúil.
Comhthionól Ginearálta WMEU agus Future Labs, Prág | 23–26 Aibreán
D’fhreastail Amy agus Laura ar Chomhthionól Ginearálta Wikimedia na hEorpa (WMEU) i bPrág idir an 23ú agus an 25ú hAibreán. Vótáil Amy thar ceann Shannon, cathaoirleach PÉW. Bhí seans ann bualadh le comhpháirtithe ó fud fad na hEorpa cuid acu ar bhuail Amy leo ag Celtic Knot 2024 chomh maith le baill de Bhord WMF. Chlúdaigh na seisiúin tobsmaointeoireachta, plé, agus comhroinnt eolais ar ábhair éagsúla ó fhud an Ghluaiseacht. Lean Future Labs ar an 26ú hAibreán.
Ceardlann agus Painéal PLURILINGMEDIA, Gaillimh | 28 Aibreán
Ar maidin an 28ú hAibreán, ghlac Amy páirt mar phainéalaí ag Ceardlann PLURILINGMEDIA in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí sí ar phainéal in éineacht le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, ó Thuismitheoirí na Gaeilge, agus le hOifigeach Pleanála Teanga ó Chonamara. Phléigh an painéal conas a úsáideann eagraíochtaí meáin agus acmhainní Gaeilge. D’inis Amy don lucht éisteachta go dtáirgeann an Vicipéid ábhar agus meáin, ach go n-éilíonn an próiseas sin foinsí iontaofa ardchaighdeáin agus go gcaithfidh an stoc foilseachán Gaeilge fás le freastal ar an éileamh sin.
Tuarascáil dheireadh bliana, Is Breá le Vicí an Domhan, agus Is Breá le Vicí Béaloideas
Is é an tuarascáil dheireadh bliana an príomhfhócas againn i Q4. Tá ullmhúchán don chomórtas Wiki Loves Earth ar siúl – tá an comórtas ar oscailt anois agus leanfaidh sé go dtí deireadh mhí an Mheithimh. Fógrófar buaiteoirí Wiki Loves Folklore go luath.
Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa Vicipéid nó in aon cheann d’imeachtaí WCI, déan teagmháil linn ag community.manager@wikimedia.ie.
Tá súil againn le cuid mhaith eile le teacht i mBealtaine.
Le gach dea-ghuí,
Amy Uí Ríordáin
Bainisteoir Pobail
Foireann PÉW