[léigh an leagan Béarla anseo | read the English language version here]

A chairde,

Tá an samhradh thart agus an bhliain acadúil ar ais. Bhí muid chomh gnóthach ar nós beacha le cúpla seachtain anuas. Seo an méid a bhí ar siúl.


Is Breá le Vicí Séadchomhartha: trí lá fágtha!
Dúnann Is Breá le Vicí Séadchomhartha 2026 Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair. Tá an comórtas oscailte do shéadchomharthaí i bPoblacht na hÉireann. Má tá grianghraf agat i do ghuthán, seo do sheans.

[Nasc]

Oifigeach Gaeilge nua
Tá ár nOifigeach Teanga Gaeilge nua aimsithe againn tar éis próiseas earcaíochta an tsamhraidh. Tosaíonn Pádraig de Búrca ag obair linn an tseachtain seo agus táimid ar bís go bhfuil sé ar an bhfoireann anois.

Athbhreithniú deontais
Bhí ár gcruinniú athbhreithnithe deireadh bliana againn le Fondúireacht Wikimedia. D’fhéach muid siar ar obair na bliana faoinár ndeontas, agus ar an méid atá romhainn.

Comhdháil an Oirdheiscirt
D’fhreastail Amy ar Chomhdháil an Oirdheiscirt in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (OTO). Scríobh sí achoimre faoin lá agus is féidir leat é a léamh (as Gaeilge) anseo.

Léacht aoi in Ollscoil Luimnigh
Thug Amy léacht aoi do mhic léinn an MA sa Stair Phoiblí agus Oidhreacht Chultúrtha in Ollscoil Luimnigh. Bhí an léacht faoi Wikipedia agus faoin stair phoiblí.

Tionscadal GET
Is tionscadal é GET (Global Education Time) i comhpháirtíocht le APA a thugann scileanna do dhaltaí meánscoile chun tús a chur le heagarthóireacht ar Wikipedia agus ar Vicipéid. Sna seachtainí atá romhainn, tabharfaimid cuairt ar dhá mheánscoil don lá oiliúna. Oibreoidh na daltaí ar ailt faoin imirce, faoin athrú aeráide agus faoin éagothroime.

Cruinniú Pobail WCI ar líne, Dé Máirt 29 Meán Fómhair, 18:00–19:00 UTC+1. / WCI online community meeting, Tuesday 29 September, 18:00–19:00 UTC+1.Cruinniú pobail
Tá ár gcruinniú pobail ar siúl amárach, Dé Máirt 29 Meán Fómhair, ag 18:00. Tá fáilte roimh chách, bíodh taithí agat ar Vicipéid nó ná bíodh.

[Nasc]

Caint i Leabharlann Ard Caoin
Beidh Amy ag caint i Leabharlann Ard Caoin, Port Láirge, amárach ag 18:30, ar an mbearna inscne ar Wikipedia agus sa stair.

Imeachtaí atá ag teacht

  • Máirt 29 Meán Fómhair: Cruinniú pobail @ 18:00
  • Máirt 29 Meán Fómhair: Caint i Leabharlann Ard Caoin, Port Láirge
  • Céadaoin 30 Meán Fómhair: Dúnann Is Breá le Vicí Séadchomhartha 2026-

Má tá ceist agat, nó smaoineamh d’imeacht, seol ríomhphost chugainn ag info@wikimedia.ie