Fógraíonn Pobal Éireann Wikimedia go bhfuil Pádraig de Burca nua-cheaptha mar Oifigeach Gaeilge na heagraíochta. Is é príomhdhualgas an ról seo ná húsáid agus forbairt na Gaeilge a chur chun cinn ar fud thionscadail Wikimedia, mar aon le pobal eagarthóireachta na Vicipéide a neartú. Is í an Vicipéid ná leagan Gaeilge Wikipedia, an chiclipéid shaor is mó ar domhan. 

Beidh Pádraig in éineacht le Amy Uí Ríordáin, a bhí ina Oifigeach Gaeilge nuair a bunaíodh an ról i 2023 agus atá anois ag obair mar Bhainisteoir Pobail ar an eagraíocht. 

Ó bhunú na heagraíochta i 2014, bhí fonn ag Pobal Éireann Wikimedia tacaíocht a thabhairt do thionscadail Ghaeilge. Ón bhliain 2023 i leith, a bhuí le maoiniú breise ón bhFondúireacht Wikimedia, tá an eagraíocht in ann tuilleadh acmhainní a chur ar fáil don obair seo trí ról an Oifigigh Gaeilge. I gcomhar leis an bpobal, d’fhorbair siad plean straitéiseach chun tionscadail Ghaeilge Wikimedia a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear leathnú a dhéanamh ar Vicipéid.

Tá baill agus rannpháirtithe ag an eagraíocht ar fud an domhain, lena n-áirítear sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe.

Shannon, Amy, Pádraig agus Eugene ag lón fáiltiú le deanaí

Ag labhairt dó ar a cheapachán, dúirt Pádraig de Burca:

“Tá áit lárnach ag an Vicipéid i saol comhaimseartha na Gaeilge, ach ní fheictear sin go minic. Tá obair mhór déanta ag pobal na Vicipéide le blianta fada anuas: breis is 64,000 alt, scríofa ag oibrithe deonacha. Ba mhaith liom cur leis an obair sin, agus cuireadh a thabhairt do níos mó Gaeilgeoirí páirt a ghlacadh inti. Táim ag súil go mór le filleadh ar Oireachtas na Gaeilge im’ ról nua chun an Vicipéid a chur os comhair na Gaeil.”

Dúirt Amy Uí Ríordáin, Bainisteoir Phobal Wikimedia:

“Tugann Pádraig saineolas teicneolaíochta Gaeilge leis agus muid ag forbairt na Vicipéide agus tionscadail Ghaeilge eile Wikimedia lenár bpobal agus pobal na Gaeilge. Is cúis áthais dom fáilte a chur roimhe chuig an bhfoireann, agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis.

Cúlra Phádraig de Burca

Chaith de Burca tamaill ag obair le hÓgras, ag léachtóireacht le Fiontar in Ollscoil Chathair Átha Cliath agus le Parlaimint Seanóirí na hÉireann. 

Bhunaigh sé GaelTeic, a bhuaigh Duais Barr50 as seirbhísí teicneolaíochta i nGaeilge do chliaint éagsúla, agus tá sé ina shaoririseoir teicneolaíochta agus cultúir leis an bPáipéar. Bhí sé ina Bhainisteoir Teicneolaíochta le PwC agus ina cheannaire ar chlár óige Erasmus+ sa Chróit.

Tá taithí fhairsing aige ar chomhoibriú le heagraíochtaí pobail ar nós Comhairle Náisiúnta na nÓg, Conradh na Gaeilge agus CLG. Is ealaíontóir digiteach é faoin ainm Gael.Pix.

Pleananna agus Tosaíochtaí

Díreoidh Pádraig ar na príomhfhreagrachtaí atá leagtha amach ag Pobal Wikimedia: forbairt agus cúram ábhair, for-rochtain oideachasúil, rannpháirtíocht phobail, comhpháirtíochtaí cultúrtha le gailearaithe, leabharlanna agus músaeim.

Ina chéad bhliain, díreoidh sé ar thrí thionscnamh phraiticiúla:

  1. Ceardlanna struchtúrtha Vicipéide a thabhairt chuig meánscoileanna agus clubanna óige.
  2. Nascadh le leabharlanna agus cartlanna Gaeltachta chun ábhar as Gaeilge a scaoileadh ar Wikimedia Commons.
  3. Pobal eagarthóirí na Vicipéide a thacú agus an eagraíocht i mbun acmhainní a chruthú agus a chothú trí eagaratóin rialta agus tacaíocht phearsanta a thabhairt do rannpháirtithe nua.

Feiceann sé an ról ní hamháin mar eagarthóir, ach mar dhroichead idir an saol acadúil, pobal na Gaeilge, earnáil na healaíona agus domhan Wikimedia idirnáisiúnta.

Cuireadh chuig an Oireachtas

Beidh Amy, Pádraig agus daoine eile ó Phobal Wikimedia i láthair ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag deireadh Dheireadh Fómhair. Tugann siad cuireadh oscailte d’iriseoirí, múinteoirí, mic léinn agus d’aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge dhigiteach bualadh leo ag an bhféile.