[Léigh an nuachtlitir iomlán i mBéarla | Read the full newsletter in English]

A chairde,

Bhí Deireadh Fómhair iontach gnóthach dúinn, le go leor taistil in Éirinn agus thar lear: an Bhruiséil, Montréal, Droichead Átha, Baile Átha Cliath agus Cill Airne, i mí amháin. Tá súil againn go raibh mí mhaith agaibh féin, agus Samhain shona daoibh.

Sula dtéimid isteach sa nuacht, seo rud amháin atá práinneach.

Scoláireachtaí Wikimania 2027: spriocdháta 4 Samhain

Tá iarratais ar scoláireachtaí Wikimania 2027 oscailte go dtí deireadh an lae ar an 4 Samhain, in aon chrios ama. Is é Wikimania comhdháil bhliantúil dhomhanda ghluaiseacht Wikimedia. Dátaí agus conas iarratas a dhéanamh: https://wikimania.wikimedia.org/wiki/2027:Scholarships

File:BFBM 2026 2.jpg

An Bhruiséil

Bhí PÉW sa Bhruiséil ar an 2–3 Deireadh Fómhair don Big Fat Brussels Meeting le Wikimedia Europe. Tá Uachtaránacht Chomhairle an AE ag Éirinn faoi láthair.

Bhí ceardlanna ar abhcóideacht agus ar theachtaireachtaí ann. Fuaireamar nuashonrú ó Wikimedia Europe agus ó chleamhnaithe eile san AE ar CDSiaRP, ar AI agus ar dhlí digiteach an AE.

GET sna scoileanna

Thug PÉW cuairt ar St Oliver’s Community College i nDroichead Átha ar an 8 Deireadh Fómhair, agus ar Ghaelcholáiste an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin ar an 12 Deireadh Fómhair. Tá an dá scoil pháirteach i dtionscadal GET (Global Education Time).

Thug Amy an chéad seisiún oiliúna do na daltaí: réamhrá ar Wikipedia. Sna sé mhí atá romhainn, feabhsóidh siad a scileanna eagarthóireachta agus oibreoidh siad ar ailt faoi athrú aeráide agus neamh-chomhionannas inscne.

File:Queering Wiki 2026 - Group Photo 10-25 02.jpg

Queering Wiki 2026

Bhí PÉW ag Queering Wiki 2026 i Montréal, 23–25 Deireadh Fómhair. Is comhdháil é seo d’eagarthóirí LGBT+ ar thionscadail Wikimedia. D’fhreastail breis is 150 duine ó níos mó ná 30 tír agus teanga air.

Labhair an Dr Jamie Murphy (UCD) faoi Mheitheal Téarmaíochta AerachAiteachGaelach, a chruthaíonn téarmaí LGBT+ as Gaeilge i gcomhar leis an bpobal. Labhair Amy ar an bpainéal Queer Faces in High Spaces.

Ba mhaith le heagarthóirí ón tSlóvaic oibriú le pobal na Gaeilge ar Vicífhoclóir, an Wiktionary Gaeilge.

Cláraigh le Grúpa Eagarthóireachta LADTA+ na hÉireann: wikimediaireland.kit.com/wmlgbt-ie

Oireachtas na Samhna 2026

Bhí Amy, Pádraig agus an Vicipéideoir Éamonn ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, 28–31 Deireadh Fómhair. Bhí seastán againn in Aonach an Oireachtais, agus labhraíomar leis na céadta duine gach lá.

Labhraíomar ar chraoladh beo Raidió Fáilte ar an Aoine, 30 Deireadh Fómhair.

Bhuaileamar le daoine a chuireann eagar ar Wikipedia, as Gaeilge nó as Béarla. Chuireamar Slí na Vicipéideoirí chun cinn freisin: cúrsa féinstiúrtha d’eagarthóirí nua Vicipéid. 

Nuacht ón bhfoireann

Thosaigh Pádraig de Burca mar Oifigeach Gaeilge ar an 28 Meán Fómhair. Ó shin i leith, tá sé ag díriú ar ionduchtú agus ar oiliúint.

Cruinniú pobail

Beidh an chéad chruinniú pobail eile ar siúl ar an 24 Samhain. Is é an cruinniú deireanach i mbliana é.

Má tá ceist agat, nó más mian leat páirt a ghlacadh, téigh i dteagmháil linn! 

Le meas,

Amy Uí Ríordáin
Bainisteoir Pobail
Foireann PÉW