This June, our Oifigeach Gaeilge hosted a Wiki Summer Camp for young people at Waterford Youth Centre. From photo walks to coding, read on to find out what they got up to! 

 

Leagan Gaeilge 

 

 

 

English Version

Reáchtáladh Campa Vicipéide samhraidh do dhaoine óga idir 13 agus 17 mbliana d’aois idir an 16ú agus an 26ú Meitheamh 2025, le hocht lá lán le gníomhaíocht thar dhá sheachtain.

Ghlac seachtar páiste páirt sa champa, triúr as scoileanna lán-Ghaeilge agus ceathrar eile as an earnáil Bhéarla. Bhí an clár bunaithe ar fhoghlaim ghníomhach, úsáid nádúrtha na Gaeilge, scileanna digiteacha, agus oiliúint phraiticiúil ar Vicipéid, le meascán d’eagarthóireacht ar líne, gníomhaíochtaí cruthaitheacha agus cluichí lasmuigh. Bhí sé mar aidhm ag an gcampa scileanna taighde, scríbhneoireachta agus ionadaíochta a fhorbairt i dtimpeallacht spreagúil agus comhtháite trí mheán na Gaeilge.

Ba thionscadal píolótach é seo i gcomhar le Waterford and South Tipperary Community Youth Services, agus bhí sé mar chuid d’iarracht le scileanna digiteacha agus úsáid na Gaeilge a thabhairt le chéile i gcomhthéacs pobail. Fuarthas aiseolas an-dearfach ó na rannpháirtithe agus ón bhfoireann a bhí páirteach, ag tabhairt le fios go raibh an campa taitneamhach, spreagúil agus oiriúnach don aoisghrúpa. Léirigh sé go bhfuil spéis agus acmhainneacht sa mhúnla seo do champaí eile amach anseo. Bhí an cur chuige comhoibríoch ríthábhachtach maidir le tacaíocht, rochtain agus cuimsiú.Lá 1: Cur i Láthair & Bunghnéithe Vicipéide

Thosaíomar an campa le fáilte chroíúil agus seisiún aithne a chur ar a chéile, ag cur béime ar úsáid na Gaeilge i suíomh sóisialta. Rinneamar iniúchadh ar leibhéal muiníne teanga na rannpháirtithe trí ghníomhaíocht oscailte, agus d’imríomar an cluiche idirghníomhach Conríocht (aistrithe ón gcluiche Béarla le hionchur ó na rannpháirtithe) chun scileanna cumarsáide trí Ghaeilge a spreagadh. Le cur i láthair faoi bhunghnéithe Vicipéide, tugadh forléargas ar struchtúr agus feidhmiú na hardáin. Rinneamar plé ar “Guthanna in Easnamh”, ábhar a spreag díospóireacht ar ionadaíocht sa stair agus sna meáin, agus roghnaigh gach rannpháirtí ábhar pearsanta don alt a bheadh á fhorbairt acu.
Lá 2: Taighde & Ionadaíocht

Bhí tús an lae dírithe ar ghníomhaíocht darbh ainm Fíor nó Bréagach?, a rinne athbhreithniú gníomhach ar eolas an lae roimhe agus a spreag díospóireacht faoi fhoinsí agus ionadaíocht. Leanamar leis an téama trí cheardlann ar litearthacht na meán, ag féachaint ar fhoinsí éagsúla agus ag scrúdú a n-iontaofachta. Rinne na daoine óga measúnú praiticiúil ar shuíomh gréasáin, agus roghnaigh siad duine nó ábhar stairiúil le haghaidh a n-alt Vicipéide.

Lá 3: Scileanna Vicí

Díríodh ar scileanna eagarthóireachta an lae seo, le ceardlann ar chaighdeán na hailt agus ar úsáid cheart foinsí. Ghlac na rannpháirtithe páirt i ngníomhaíocht chun foinsí a aimsiú, agus d’úsáid siad uirlisí ar nós foclóirí agus abairtí samplacha chun a gcuid alt a fheabhsú. Foghlaimíodh conas naisc a dhéanamh idir ailt éagsúla ar Vicipéid. D’fhágamar an ríomhaire don thráthnóna chun Púca sa Reilig a imirt, cluiche Gaeilge lasmuigh a chothaigh spraoi agus úsáid nádúrtha na Gaeilge.


Lá 4: Gramadach & Cluichí Foireann

Bhí an lá seo dírithe ar ghramadach na Gaeilge agus ar fhorbairt scríbhneoireachta. Bhaineamar úsáid as gníomhaíocht stíl díospóireachta siúil chun tuairimí a phlé agus cluichí cártaí chun dearcthaí agus scileanna teanga a fhorbairt ar bhealach spraíúil. Rinneamar cleachtaí ar struchtúr abairte.

Lá 5: Scríobh & Siúlóid Ghrianghrafadóireachta

D’oscail an lá le Tráth na gCeist chun measúnú a dhéanamh ar an bhfoghlaim go dtí sin. Rinne na rannpháirtithe obair eagarthóireachta ar a n-ailt agus d’úsáid siad aiseolas ó chomhghleacaithe chun feabhsuithe a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, chuamar ar shiúlóid ghrianghrafadóireachta mar chuid den fheachtas Is Breá e Vicí an Domhan (Wiki Loves Earth), áit a ndearnadh iarracht grianghraif d’oidhreacht nádúrtha a ghabháil. Chríochnaigh an lá le cluichí grúpa agus scíth a ligean san ionad óige.

Lá 6: Formáidiú & Cóid Wiki

Bhí an mhaidin dírithe ar scileanna teicniúla mar athbhreithniú ar stíl Vicipéide, úsáid Eagarthóir Amhairc (Visual Editor) i gcomparáid leis an Eagarthóir Foinseach (Source Editor), agus grianghraif a uaslódáil don chomórtas Wiki Loves Earth. Rinneamar gníomhaíochtaí praiticiúla mar phuzal cód le páipéir chun úsáid an an mharcáil a thuiscint. Leanamar leis na cluichí grúpa sa tráthnóna mar bhealach idirghníomhach chun an teanga a neartú.

Lá 7: Ailt a Chríochnú & Ullmhúchán do Chur i Láthair

Chaith na rannpháirtithe an lá i mbun scríbhneoireachta, eagarthóireachta, agus athbhreithnithe críochnaithe ar a gcuid alt, ag foilsiú an chuid ba mhó acu. Ina dhiaidh sin, thosaíomar le hullmhúchán do chur i láthair i nGaeilge, le treoir ar struchtúr agus le cleachtadh i mbeirteanna. Rinne roinnt daoine an chéad bhlaiseadh den chur i láthair i dtimpeallacht chairdiúil.

Lá 8: Cur i Láthair & Ceiliúradh

Díríodh ar na cuir i láthair, le cleachtadh breise agus seans do gach rannpháirtí a gcuid oibre a roinnt leis an ngrúpa. Foilsíodh na hailt dheireanacha ar Vicipéid agus bhí cóisir phíotsa againn ar aitheantas ar an obair chrua agus an dul chun cinn a rinneadh. Líon rannpháirtí foirmeacha aiseolais agus rinneamar machnamh ar an taithí fhoghlama agus an spraoi a bhí le brath tríd síos an champa. Bhuaigh cúpla rannpháirtí duaiseanna don chuid oibre a bhí déanta. 

A Vicipéid Summer Camp for young people aged 13 to 17 was held between 16th and 26th June 2025, with eight days of activity over two weeks.

Seven young people took part in the camp, three from Irish-medium schools and four from the English-medium sector. The programme was based on active learning, natural use of Irish, digital skills, and practical training on Wikipedia, with a mix of online editing, creative activities and outdoor games. The aim of the camp was to develop research, writing and representation skills in a stimulating and integrated environment through the medium of Irish.
This was a pilot project in partnership with Waterford and South Tipperary Community Youth Services, and was part of an effort to bring digital skills and the use of Irish together in a community context. Feedback from participants and staff involved was very positive, indicating that the camp was enjoyable, stimulating and age appropriate. It showed that there is interest and potential in this model for other camps in the future. The collaborative approach was key in terms of support, access and inclusion.



Day 1: Introduction & Wikipedia BasicsWe began the camp with a warm welcome and a get-to-know-you session, emphasising the use of Irish in a social setting. We explored the participants’ language confidence level through an open-ended activity, and played the interactive game Conríocht (translated from the English game, Werewolves, with input from the participants) to encourage communication skills through Irish. A presentation on the basics of Wikipedia was followed by an overview of the structure and functioning of the platform. We discussed “Missing Voices”, a topic that sparked a discussion on representation in history and the media, and each participant chose a personal topic for the article they would develop.



Day 2: Research & Representation

The beginning of the day was focused on an activity called True or False?, which actively reviewed the previous day’s information and sparked a debate about sources and representation. We continued the theme through a workshop on media literacy, looking at different sources and examining their reliability. The young people carried out a practical evaluation of a website, and chose a historical person or topic for their Wikipedia article.


Day 3: Wiki Skills

This day focused on editing skills, with a workshop on source quality and the correct use of sources. Participants took part in a source finding activity, and used tools such as dictionaries and sample sentences to improve their articles. They learned how to make connections between different articles on Wikipedia. We left the computer behind in the afternoon to play Púca sa Reilig, an outdoor Irish game that fostered fun and natural use of the Irish language.


Day 4: Grammar & Team Games

This day focused on Irish grammar and writing development. We used a walking debate style activity to discuss ideas and card games to develop attitudes and language skills in a fun way. We did exercises on sentence structure.



Day 5: Writing & Photo Walk

The day opened with a Quiz to assess learning so far. Participants edited their articles and used feedback from peers to make improvements. Afterwards, we went on a photography walk as part of the Wiki Loves Earth campaign, where we tried to capture photos of natural heritage. The day ended with group games and relaxation in the youth centre.


Day 6: Formatting & Wiki Code

The morning focused on technical skills such as reviewing Wikipedia style, using the Visual Editor versus the Source Editor, and uploading photos for the Wiki Loves Earth competition. We did practical activities such as a code puzzle with papers to understand the use of markup. We continued with the group games in the evening as an interactive way to reinforce the language.



Day 7: Finalising Articles & Preparing for Presentation

Participants spent the day writing, editing, and finalizing their articles, publishing most of them. After that, we began preparing for presentations in Irish, with guidance on structure and practice in pairs. Some people had their first taste of presenting in a friendly environment.


Day 8: Presentations & Celebration

The focus was on presentations, with additional practice and a chance for each participant to share their work with the group. The final articles were published on Wikipedia and we had a pizza party in recognition of the hard work and progress made. Participants filled out feedback forms and we reflected on the learning experience and fun that was felt throughout the camp. A few participants won prizes for the work they had done.

Categories: EventsProgrammes