[léigh an leagan Béarla anseo | read the English language version here]

A chairde,

Bhí formhór mhí Iúil agus Lúnasa caite againn ar shaoire agus ar chúrsaí riaracháin – tuairisciú, earcaíocht, agus pleanáil do bhliain 2026/27. Anois táimid réidh don chuid dheireanach den bhliain, le comórtas grianghraf, tionscadal nua, agus post nua oscailte.

Group Picture of Wikimedia Cuteness Association Main Stage at Wikimania 2026 in Paris, Amy Uí Ríordáin, CC BY-SA 4.0, via Wikimedia Commons

Group Picture of Wikimedia Cuteness Association Main Stage at Wikimania 2026 in Paris, Amy Uí Ríordáin, CC BY-SA 4.0, via Wikimedia Commons

Laethanta Saoire agus Wikimania

Bhí Amy ar shaoire bhliantúil  i mí Iúil, agus d’fhreastail sí ar Wikimania i bPáras ag deireadh na míosa.

Tuarascáil Dheireadh na Bliana

Rinne Shannon tuarascáil dheireadh na bliana agus beidh sé ar fáil go luath. Cuirfear nasc chuige sa nuachtlitir seo a leanas.

 

Comórtais Ghrianghrafadóireachta

Is Breá le Vicí an Domhan 2026
Tháinig deireadh leis an gcomórtas an 31 Iúil. Fógrófar na buaiteoirí i Meán Fómhair.

Is Breá le Vicí Bród 2026
Tá an comórtas ar oscailt go dtí an 31 Lúnasa, seachtain amháin fágtha. Cuir isteach grianghraif ó cheiliúradh Bhróid áitiúil, stair, séadchomharthaí, nó daoine cáiliúla LADTA+.

Is Breá le Vicí Séadchomharthaí 2026
D’oscail an comórtas an 15 Lúnasa, le linn Seachtain Oidhreachta. Poblacht na hÉireann amháin atá i gceist; tá Wikimedia an Ríocht Aontaithe ag reáchtáil an chomórtais i dTuaisceart Éireann, agus beidh comhchur chun cinn idir an dá chomórtas. Fógrófar an giúiré agus na duaiseanna ar ball.

Táimid ag Earcú
Tá WCI ag earcú Oifigeach Gaeilge. Tá tuilleadh eolais agus an fhoirm iarratais anseo: wikimedia.ie/…/taimid-ag-earcu-oifigeach-gaeilge

Tionscadal GET (Global Education Time)
Táimid ag ullmhú do thús na scoilbhliana don tionscadal GET, atá maoinithe ag an AE. Tuilleadh eolais faoin tionscadal: globaleducationtime.eu

Slí na Vicipéideoirí
Tá Slí na Vicipéideoirí, cúrsa ionduchtaithe nua d’eagarthóirí Vicipéide, á fhorbairt faoi láthair. Tá an leathanach meiteashonraí ar fáil anseo: ga.wikipedia.org/…/Slí_na_Vicipéideoirí

Cruinniú Pobail / Community Meeting
Beidh an chéad chruinniú pobail eile ar siúl anocht, ag 18:00. Tuilleadh eolais anseo

Má tá ceist nó smaoineamh agat, déan teagmháil linn.

Foireann PÉW 💚