Reáchtáladh Comhdháil Pleanála Teanga an tOirdheisceart Dé Sathairn an 4 Meán Fómhair in OTO Arena, Port Láirge, i gcomhar le hOTO agus Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Bhí taighdeoirí acadúla, eagraíochtaí pobail agus lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht i láthair.
Chuaigh mé ann mar Vicipéideoir agus duine atá ag obair le pobal na Gaeilge agus i mbun an proiséis pleanála teanga leis an pobail Vicipéide, chun éisteacht le conas a nascann teoiric na pleanála teanga leis an obair phobail atá ar bun againn san earnáíl, agus le pobal na Gaeilge, ar Vicipéid agus níos leithne.
Teoiric agus taighde
Pléigh an Dr Caitríona Breathnach (UCC) faoi chruthú plean teanga, ag tarraingt ar thaighde Uí Laoire ar bheartas teanga agus mionteangacha san oideachas in Éirinn. Dúirt sí nár éirigh le pleanáil teanga ar an macraleibhéal in Éirinn go dtí seo, agus chuir sí béim ar an óige agus ar theaghlaigh mar dhá phríomhréimse don todhchaí. Luaigh sí doiléire mar cheann de na dúshláin is mó.
Labhair Katie Ní Dhonnaille, Scoláire PhD an Uachtaráin in SETU, faoin bpróiseas pleanála teanga féin: an phleanáil stádais, an phleanáil chorpais agus an phleanáil shealbhaithe. Rinne sí cur síos ar chomhoibriú éagsúil ag leibhéil éagsúla, agus dúirt sí gur gá leanúnachas a bheith ann eatarthu. Bhí an caint sin an-spéisiúil domsa agus ár n-obair mar is corpas í an Vicipéid, atá pobal-cruaithe.
Chuir Dr Vicky Brady (MIC Luimneach) i láthair faoi sheirbhísí Gaeltachta: na seirbhísí atá ann cheana agus an éagsúlacht atá i gceist le seirbhísí pobail trí Ghaeilge, ag féachaint go sonrach ar bhailte seirbhíse Gaeltachta. Mhínigh sí ról Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta sa phróiseas, agus luaigh sí Treoirlínte Pleanála Teanga, eagrán 5 (2019). Chuir sí béim ar thrédhearcacht sa phróiseas agus ar an muinín a chaithfear a chruthú sa phobal.
Painéal: dúshláin ar an talamh
Ina dhiaidh, bhí painéal plé, ar a raibh Máire Seó Bhreathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge; Yvonne Clancy (OPT i nGaeltacht na nDéise), Cabríní de Barra, iar-Bhainisteoir Forbartha ó Chomhlucht Forbartha na nDéise, agus Críostóir Ó Faoláin, (Stiúrthóir Coláiste na Rinne) ról ag an gComhairle Cathrach agus Contae i gcur chun cinn na Gaeilge. Pléigh go bhfuil daoine agus pobail dóchasach faoina gcuid oibre féin, ach nach ionann sin i gcónaí agus dóchas faoin acmhainn atá ar fáil dóibh: daoine, riarachán agus acmhainní eile.
Luadh Coláiste na Rinne mar shampla iontach de mheascadh mac léinn leis an bpobal, trí obair phobail, cúrsaí agus scoláireachtaí do dhaoine sa Ghaeltacht.
Ardaíodh ceist faoi ról an Rialtais, agus luadh nach féidir le go leor eagraíochtaí brú a chur go rómhór ar eagla go ndúnfaí doirse orthu.
Painéal: deiseanna agus dearcadh dearfach
Bhí painéal eile ann, le Eimear Ní Bhraonáin (iriseoir, údar), Cory Ó Brollacháin (iar-Oifigeach Gaeilge de chuid Chomhairle Contae Loch Garman agus ball de Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí le déanaí), Kaitlin Byrne (Oifigeach Caidrimh Phoiblí, Brainse Phort Láirge de Chonradh na Gaeilge) agus Siobhán de Paor, ealaíontóir ildisciplíneach agus comhbhunaitheoir Wild Irish agus Teacht Aniar. Bhí plé dearfach faoi na deiseanna atá ann fiú nuair nach bhfuil maoiniú ar fáil.
Chuir siad béim ar an nGaeilge mar chuid de ghnáthrudaí an tsaoil, seachas rud ar leithligh, agus ar ról na meán i gcruthú pobal. Labhair siad faoi úsáid a bhaint as cultúr agus gníomhaíocht chun pobail a chruthú.

An próiseas pleanála teanga
Thug John Prendergast (Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge) léargas ar an bpróiseas pleanála teanga féin: an limistéar pleanála teanga, an baile seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge. Dúirt sé gur cheart go mbeadh pleanáil teanga bunaithe ar chur chuige anuas síos agus aníos suas araon.
Thug sé samplaí ó Chorca Dhuibhne: togra GaelChara sa phobal, agus togra Laochra Am Lóin san oideachas. Dúirt sé go gcaithfidh an pobal agus na OTP an obair a dhéanamh le chéile, agus go gcaithfear breathnú siar, aiseolas a bhailiú agus é a chur i bhfeidhm.
D’ainmnigh sé roinnt eilimintí a chabhraíonn le pleanáil teanga sa Ghaeltacht: dúil sa teanga a chruthú, stádas agus luach a thabhairt di, rannpháirtíocht ghníomhach an phobail, comhoibriú, cumasú agus misneach an phobail, agus an t-aistear ó fheiliúnacht go heolas, go húsáid agus go labhairt. Luaigh sé tithíocht agus fostaíocht mar bhonn faoin obair sin ar fad.
Bhí an chaint bunaithe ar thaighde PhD John féin, atá á chríochnú aige faoi láthair le hOllscoil Chardiff ar phleanáil teanga.
Ceangal le hobair Vicipéide
D’fhág an chomhdháil ceist agam faoi conas a chuireann obair Vicipéide leis an bpróiseas pleanála teanga seo: stádas a thabhairt don Ghaeilge ar líne, ábhar a chruthú a fhreagraíonn do shuim an phobail, agus daoine a nascadh lena chéile timpeall na teanga, ón óige go dtí an pobal fásta.
Má ritheann aon rud leat, téigh i dteagmháil linn!